Dermot Gallagher

Dermot Gallagher

Is bainisteoir Acmhainní Daonna é Diarmuid Ó Gallchóir a bhfuil taithí náisiúnta agus idirnáisiúnta aige i gnóanna éagsula. Tá céim Bhaitsiléara i Staidéar Gnó aige ó Ollscoil Luimnigh agus Máistreacht i mBainistíocht Acmhainní Daonna ó Ollscoil Uladh. Ba é an chéad phost a bhí ag Diarmuid i ndiaidh dó céim a bhaint amach ná le Unifi TYE a bhí lonnaithe i Leitir Ceanainn san am. Le linn an ama seo a chuaigh sé isteach sa Letterkenny Music & Drama Group (LMDG) agus bhí sé páirteach i mbreis is fiche seó leis an ngrúpa seo, lena n-áirítear drámaí, ceoldrámaí, ceolchoirmeacha agus léiriúcháin a bhuaigh Craobh Uile-Éireann. Le breis is 30 bliain de rannpháirtíocht i ndrámaíocht amaitéarach áitiúil, tá paisean agus spéis mhór aige san amharclannaíocht áitiúil agus is ball de choiste LMDG é. Bhí an-phribhléid aige an chéad seó a léiríodh ar stáitse amharclann An Ghrianáin i mí Dheireadh Fómhair 1999 a chomhóstáil. Ghlac sé páirt in léirithe le grúpaí áitiúla eile fosta, lena n-áirítear Letterkenny Musical Society, Letterkenny Pantomime Society, Lifford Players agus léiriúcháin An Ghrianán. Tá an-spéis ag Dairmuid fosta i bhforbairt áitiúil a cheantar dhúchais Dún Lúiche, Gaoth Dobhair.

Chuaigh Diarmuid isteach ar Bhord An Ghrianán i mBealtaine 2022.